Tuarascáil na nIniúchóirí Neamhspleácha

chuig baill Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath

 

Tá iniúchadh déanta againn ar na ráitis airgeadais ar leathanaigh 20 go dtí 43. Ullmhaíodh na ráitis airgeadais seo faoi na polasaithe cuntasaíochta atá leagtha amach i ráiteas na bpolasaithe cuntasaíochta ar leathanaigh 20 go dtí 22.

 

Freagrachtaí na Stiúrthóirí agus na nIniúchóirí faoi seach
Tá freagrachtaí na Stiúrthóirí as an Tuarascáil Bhliantúil agus na ráitis airgeadais a ullmhú, de réir dhlí bainteach na hÉireann agus de réir na gcaighdeán cuntasaíochta a d’eisigh Bord na gCaighdeán Cuntasaíochta agus atá foilsithe ag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (An Cleachtas Cuntasaíochta a bhfuil Glacadh Coitianta leis in Éirinn), leagtha amach i Ráiteas Fhreagrachtaí na Stiúrthóirí ar leathanach 16.

 

Tá freagracht orainn na ráitis airgeadais a iniúchadh de réir na riachtanas bainteach dlíthiúil agus rialaitheach agus de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchadh (An RA agus Éire). Ullmhaíodh an tuarascáil seo, in éineacht leis an tuairim, le haghaidh bhaill an Chomhlachta amháin mar ghrúpa de réir alt 193 d’Acht na gCuideachtaí, 1990 agus ní do chuspóir ar bith eile. Agus an tuairim seo á tabhairt againn, ní ghlacaimid le freagracht le haghaidh cuspóir eile ar bith ná le haghaidh daoine eile ar bith a dtaispeántar an tuarascáil seo dóibh nó a bhféadfadh sé a bheith ina lámha, ach amháin má bhíonn a leithéid aontaithe linn roimh ré go soiléir i scríbhinn.

 

Tuairiscímid ár dtuairim maidir le cé acu an bhfuil nó mura bhfuil léiriú ceart agus cóir sna ráitis airgeadais, de réir an Chleachtais Chuntasaíochta a bhfuil Glacadh Coitianta leis in Éirinn agus má cheapaimid gur ullmhaíodh iad i gceart de réir reachtaíocht na hÉireann, lena n-áirítear Acht na gCuideachtaí, 1963 go dtí 2006. Luaimid má tá an t-eolas agus na míniúcháin go léir faighte againn a cheapaimid a bheith riachtanach do chuspóirí ár n-iniúchta agus má tá na ráitis airgeadais i gcomhréir le leabhair na gcuntas. Tuairiscímid ár dtuairim chomh maith maidir le:

 

má choinnigh an Comhlacht leabhair chearta chuntas;
má tá Tuarascáil na Stiúrthóirí comhsheasmhach leis na ráitis airgeadais; agus
má bhí cás airgeadais ann ar dháta an Chláir Chomhardaithe, a thabharfadh ar an gComhlacht cruinniú ginearálta urghnách a ghairm; d’fhéadfadh a leithéid de chás airgeadais tarlú mura mbeadh glan-sócmhainní an Chomhlachta, mar atá luaite sa Chlár Comhardaithe, níos mó ná leath dá scairchaipiteal glaoite.

 

Tuairiscímid chugat chomh maith mura nochtadh aon eolas atá luaite sa dlí dar linn, maidir le luach saothair agus idirbhearta na Stiúrthóirí agus, nuair is féidir, cuirimid a leithéid d’eolas inár dtuarascáil.

 

Léimid an t-eolas eile atá sa Tuarascáil Bhliantúil agus fiosraímid an bhfuil sé i gcomhréir leis na ráitis airgeadais iniúchta. Ní chuimsíonn an t-eolas eile seo ach amháin Athbhreithniú an Phríomh-Fheidhmeannaigh ar Oibríochtaí, Tuarascáil na Stiúrthóirí agus an Ráiteas ar Fhreagrachtaí na Stiúrthóirí maidir le Rialú Corparáideach agus Inmheánach. Déanaimid measúnú ar na himpleachtaí dár dtuarascáil má thugaimid faoi deara go bhfuil aon mhíráitis nó mírialtachtaí ábhartha i gceist leis an ráitis airgeadais. Ní bhaineann ár bhfreagrachtaí le haon eolas eile.

 

Bunús na Tuairime Iniúchóireachta
Rinneamar ár n-iniúchadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchadh (An RA agus Éire), a d’eisigh Bord na gCleachtas Iniúchóireachta. Áiríonn iniúchadh scrúdú ar bhonn tástála, ar fhianaise a bhaineann leis na méideanna agus an nochtadh sna ráitis airgeadais. Chomh maith leis sin, áiríonn sé measúnú ar na meastacháin agus ar na breithiúnais shuntasacha a rinne na Stiúrthóirí in ullmhú na ráiteas airgeadais, agus ar cé acu an raibh nó nach raibh na polasaithe cuntasaíochta oiriúnach do chúinsí
an Chomhlachta, ar cuireadh i bhfeidhm iad go comhsheasmhach agus ar nochtadh go dóthanach iad.

 

Rinneamar ár n-iniúchadh a phleanáil agus a chur i gcrích chun an t-eolas agus na míniúcháin go léir a fháil a bhí ag teastáil dar linn, chun go leor fianaise a chur ar fáil dúinn chun cinnteacht réasúnta a chur ar fáil go bhfuil na ráitis airgeadais saor ó mhíráiteas ábhartha, bíodh sé mar gheall ar chalaois nó mírialtacht nó earráid eile. Agus ár dtuairim á meá againn, rinneamar measúnú chomh maith ar leorgacht fhoriomlán léiriú an eolais sna ráitis airgeadais.

 

Tuairim
Inár dtuairim, maidir leis na ráitis airgeadais:

 

go dtugtar léiriú ceart agus cóir iontu, de réir an Chleachtais Chuntasaíochta a bhfuil glacadh coitianta leis in Éirinn, de staid chúrsaí an Chomhlachta amhail ar 31 Nollaig 2008 agus dá bhrabús agus dá shreabhadh airgeadais don bhliain atá díreach críochnaithe; agus
ullmhaíodh i gceart iad, de réir Acht na gCuideachtaí 1963 go dtí 2006.

 

Tá an t-eolas agus na míniúcháin go léir faighte againn a bhfuil gá leo dar linn, do chuspóirí ár n-iniúchta. Inár dtuairim, choinnigh an Comhlacht leabhair chearta chuntas. Tá na ráitis airgeadais i gcomhréir le leabhair na gcuntas.

 

Dé réir ár dtuairime féin, tá an t-eolas atá tugtha sna Tuarascálacha Stiúrthóirí ar na leathanaigh 12 go dtí 15 i gcomhréir leis na ráitis airgeadais.

 

Tá glan-sócmhainní an Chomhlachta, mar atá luaite sa Chlár Comhardaithe ar leathanach 25, níos mó ná leath den mhéid dá scairchaipiteal glaoite agus, inár dtuairim, nach raibh cás airgeadais ann ar an mbonn sin ar 31 Nollaig 2008 a chiallódh go mbeadh gá le cruinniú ginearálta urghnách den Chomhlacht a ghairm, de réir alt 40(1) d’Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983.

 

 

 

PricewaterhouseCoopers
Cuntasóirí Cairte agus Iniúchóirí Cláraithe
Baile Átha Cliath

 

27 Márta 2009