Freagracht Chorparáideach agus Shóisialta
Infheistímid sa phobal
Tá Calafort Bhaile Átha Cliath ina chuid den chathair a mbíonn sé ag freastal uirthi, le cuid mhaith glún anuas. Tá ceangail láidre tógtha againn le blianta fada anuas, leis na pobail thart timpeall ar cheantar an chalafoirt. Trí theagmháil a dhéanamh leo agus trí obair a dhéanamh leo, tá éirithe le Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath rudaí suntasacha a bhaint amach maidir le feabhsú na bpobal máguaird, trí réimse tionscnaimh spóirt, oideachais agus trí thionscnaimh shóisialta.
Infheistímid sa phobal

Táimid bródúil as an obair a dhéanaimid agus tá ríméad orainn gur tugadh aitheantas neamhspleách don chion atá déanta againn go háitiúil, trí Ghradam Chambers Ireland CSR do Dhea-Chomharsa a bhuachan, don tríú bliain i ndiaidh a chéile.

 

MAR A BHÍMID AG OBAIR LEIS AN BPOBAL
Tarlaíonn an fhor-rochtain, an tuiscint agus an teagmháil atá bainte amach ag Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath leis an bpobal mar gheall ar na hiarrachtaí gan staonadh a dhéanann an Coiste Teagmhála Pobail i gComhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath. Cinntíonn an grúpa seo go mbíonn clár bríoch á ghníomhú gach uile bhliain. Bíonn ionadaithe den phobal agus de Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath páirteach ann agus bíonn ról ríthábhachtach ag an gCoiste trína chinntiú go mbíonn guth ag na pobail áitiúla, go mbíonn siad in ann a dtuairimí a roinnt agus go dtugann Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath tacaíocht dóibh.

 

EALAÍONA AGUS OIDEACHAS
Ó thaobh na n-ealaíon agus oideachais de, cuireadh tacaíocht leanúnach ar fáil do thionscadal “100 Flowers to Bloom” agus don ochtú bliain dár scéim scoláireachtaí le linn 2008.

 

Bhí sé mar thoradh ar bhliain oibre crua de chuid dhaltaí Bhunscoil Naomh Iosaef sa Phort Thiar, de chuid an ealaíontóra David Jacques agus de chuid Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath, gur foilsíodh leabhar maisithe, chomh maith le taispeántas poiblí de shaothar ealaíne na ndaltaí, darb ainm “100 Flowers to Bloom”. Thug an taispeántas agus an leabhar seo léargas ar an staidéar cuimsitheach ar bheatha phlandúil neamhdhúchasach i gCalafort Bhaile Átha Cliath, rud a bhí déanta ag 97 páiste ón gceantar.

 

In Aibreán na bliana seo, cuireadh an leabhar, chomh maith le hathchlónna móra de shaothar ealaíne na bpáistí, ar taispeáint don phobal. Lig an tionscadal do Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath a bheith páirteach leis na pobail máguaird ar bhealach bríoch, chomh maith le tionchar amhairc a imirt ar an tírdhreach, a bhfuil nádúr tionsclaíoch ag baint leis don chuid is mó. Aithníodh an tionscadal le gradam de chuid Business2Arts i mbliana chomh maith, nuair a bhuaigh sé Gradam na Freagrachta Corparáidí Sóisialta.

 

Ón mbliain 2001, bíonn sparánacht bhliantúil oideachais á bronnadh againn ar iarratasóirí trí chlár scoláireachtaí an Chomhlachta. I rith na n-ocht mbliana sin, tá 365 scoláireacht bronnta againn ar mhuintir na bpobal áitiúil in aice an Chalafoirt, lena n-áirítear An Rinn, An Baile Gaelach, Sráid an Phiarsaigh, An Port Thoir agus Sráid an tSirriam.

 

Cuireann an sparánacht bhliantúil oideachais deis ar fáil do dhaoine áitiúla a bhfíor-acmhainneacht a bhaint amach trí oideachas, chomh maith le deiseanna níos fearr a chur ar fáil d’fhostaíocht sa cheantar.

 

TACAÍOCHT DO SPÓRT AGUS DO CHUIMSIÚ SÓISIALTA
Leanadh dár dtiomantas do spórt áitiúil, trínár n-urraíocht ar Chlub Rugbaí Chluain Tarbh agus ar CLG Chlann na nGael Fontenoy.

 

Maidir le cuimsiú sóisialta, leanamar leis an mbaint a bhí againn leis an tionscadal freagartha drugaí, Freagra Dhúiche na Rinne ar Dhrugaí (FDRD), rud atá bunaithe sa phobal. Ó cruthaíodh é 12 bhliain ó shin, tá tacaíocht tugtha againn do réimse tionscnamh tábhachtach a dhéanann siad go bliantúil. Ina measc seo tá an Grúpa Tacaíochta Teaghlaigh, Deirí Seachtaine Saoire agus searmanas bliantúil bronnta céimeanna.


OSCAILT AN CHALAFOIRT DON PHOBAL
D’oscail Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath a dhoirse arís don phobal lena Lá Oscailte mór-ráchairte agus bhí an líon is mó daoine riamh i láthair ann. Ligeann an Lá Oscailte don phobal áitiúil féachaint lena súile féin ar thábhacht an róil atá ag Calafort Bhaile Átha Cliath maidir lena saol laethúil. Chuir damhsóirí, áilteoirí agus imeachtaí éagsúla siamsaíocht ar fáil ó mhaidin go tráthnóna. Tugadh cuairteoirí ar thuras treoraithe den chalafort is gnóthaí in Éirinn, mar chuid de na himeachtaí agus bhí siad in ann stair na háite a iniúchadh.

 

TIONSCNAMH AN CHOMHPHOBAIL IDIRNÁISIÚNTA
Reáchtálamar Comhdháil coicíse de chuid na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Fhorbairt (CNATF). Bhí comhaltaí i láthair ag an ócáid seo, ar thacaíomar léi i gcomhar le Cúnamh na hÉireann, ó bhreis is 20 tír ón Áise agus ón Afraic, lenar áiríodh Gána, Siarra Leon, Beinin, Oileáin Mhaildíve, An Namaib, an India agus an Chambóid. Bhí na comhaltaí páirteach sa Chlár Oiliúna Calafort TrainForTrade de chuid CNATF, atá dírithe ar earnáil na gcalafort i dtíortha i mbéal forbartha, le cabhrú leo a gcumas oiliúna a neartú agus chun forbairt a dhéanamh ar acmhainní daonna.

 

Táthar ag súil leis go seolfaidh an chomhdháil líonra idirnáisiúnta d’oiliúint agus de chomhoibriú idir pobail chalafoirt ina labhraítear Béarla, sna tíortha i mbéal forbartha. Leis an oiliúint a chur ar fáil, le cabhrú le tógáil acmhainní daonna, eolais agus scileanna, ainmníodh Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath mar pháirtí Béarla na NA i gcur ar fáil na hoiliúna do chalafoirt ar fud na dtíortha i mbéal forbartha.