
in ainneoin na gcúinsí trádála níos dúshlánaí, go háirithe sa ráithe dheireanach den bhliain. Cé gur tháinig laghdú beag ar an méid trádála a bhí ag dul tríd an gCalafort le linn 2008, rinneamar thart ar an leibhéal curiarrachta de thrádáil a bhí ann i 2007 a láimhseáil, nuair a chuaigh breis is 30 milliún tona tríd an gCalafort don chéad uair riamh.

Tá sé tábhachtach a chur in iúl, go bhfuil cúig oiread na trádála á láimhseáil i gCalafort Bhaile Átha Cliath is a bhí cúig bliana déag ó shin, in ainneoin an laghdaithe.
Is é Calafort Bhaile Átha Cliath príomhchalafort na hÉireann go fóill, ina mbíonn dhá thrian den trádáil i gcoimeádáin go dtí agus ó Éirinn á láimhseáil, chomh maith le 50% d’iompórtáil agus d’easpórtáil iomlán na hÉireann.
Chiallaigh an laghdú ar éileamh na dtomhaltóirí gur tháinig laghdú ar an leibhéal trádála i dtéarmaí Lo-Lo (Ardú Isteach/Ardú Amach) agus Ro-Ro (Rolladh Ann-Rolladh As) le linn na bliana. Bhí na haonaid choibhéiseacha fiche troigh Lo-Lo (TEUanna) 9% níos ísle i 2008 ag 677,000 TEU agus laghdaigh an trádáil Ro-Ro de mhéid 4.1% go dtí 704,000 aonad.
Ó thaobh na bulcthrádála, d’fhan an tonnáiste de Bhulcleachtanna ar chomhchéim
le leibhéal 2007, ag 4.1 mhilliún tona, ach tháinig laghdú beag de 2.9%
ar thréchur na mBulcsholad, go dtí 2.4 mhilliún tona. Mhéadaigh an Lastas
Briste Builc/Tionscadal ó 70,000 tona i 2007 go dtí 164,000 tona i 2008.
ATHBHREITHNIÚ AIRGEADAIS
In ainneoin laghdú foriomlán 4.4% ar thréchur an Chalafoirt, bhí bliain
láidir airgeadais eile ag an gComhlacht i 2008. Ar an mórchuid, d’fhan
an láimhdeachas agus an Bunbhrabús Oibriúcháin, roimh Nithe Eisceachtúla
Oibriúcháin, ar chomhchéim le leibhéil 2007. Cé go raibh tionchar diúltach
ar tháillí lastais de bharr laghdú 4.4% ar thréchur, bhí sé mar thoradh
dearfach ag Stáisiún Seirbhíse agus Páirc Thrucailí comhtháite nua an
Chomhlachta ar an scéal, a bhí ag feidhmiú go hiomlán ó Mhárta 2008,
gur tháinig méadú beag ar an láimhdeachas iomlán go dtí €70.6m. Mar
thoradh air seo, bhí Bunbhrabús Oibriúcháin an Chomhlachta go hard go
fóill, roimh Nithe Eisceachtúla Oibriúcháin, ag €28.1m i 2008 (2007:
€28.5m). Tháinig méadú ar an mBrabús Oibriúcháin ag €27m, méadú ó €21.7m
sa bhliain roimhe sin. Chiallaigh sé seo go raibh Corrlach Oibriúcháin
de mhéid 38.2% (2007: 30.8%).
FEABHSÚ LEANÚNACH
Táimid dírithe mar eagraíocht ar chabhrú le dul i ngleic le dúshláin gheilleagar
na hÉireann. Cuirfear béim níos mó ar an iomaíochas a chinntiú, le linn
na tréimhse eacnamaíche seo. Ciallaíonn an cás nua seo go mbeidh gá le
níos mó béime ar ghluaiseacht mhín iontaofa shlán agus cost-éifeachtach
na n-earraí. Cinntíonn an infheistíocht atá déanta againn de bhreis is
€250m i mbonneagar ó 1997 agus tabhairt isteach naoi dteirminéal iomaíocha,
go bhfanfaidh Calafort Bhaile Átha Cliath ar an mbealach is cost-éifeachtaí
d’iompórtálaithe agus d’easpórtálaithe chun earraí a bhogadh go dtí agus
ón margadh is mó in Éirinn.
Lenar gcustaiméirí chun tosaigh inár múnla gnó agus chun ár bhfeidhmíocht airgeadais láidir a chosaint, leanamar orainn ag feabhsú áiseanna an Chalafoirt, trí €26.6m a infheistiú i gcaiteachas caipitil i 2008. I mí Márta 2008, d’oscail an tAire Iompair, Noel Dempsey T.D. an stáisiún seirbhíse is mó in Éirinn go hoifigiúil, ag geata Thollán an Chalafoirt, tar éis infheistíocht €7 milliún, méid a raibh an chuid is mó de infheistithe ag Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath. Tá réimse mór áiseanna sa stáisiún seirbhíse seo ar stíl mhótarbhealaí na Mór-Roinne, lena n-áirítear breosla, páirc thrucailí, seomraí níocháin, bialann agus seomraí scíthe. Leanfar den fhócas atá againn ar infheistiú leanúnach inár n-áiseanna le coinneáil suas le riachtanais líon borrach ár gcustaiméirí.
Agus é ag labhairt ag an oscailt, dúirt an tAire Dempsey: “Is mór an treisiú é oscailt an stáisiúin seirbhíse seo do gheilleagar na tíre. Is cuid ríthábhachtach de thrádáil a choinneáil ag gluaiseacht in Éirinn é Calafort Bhaile Átha Cliath. Beidh tairbhe mhór ag baint leis an áis seo don tionscal tarlaithe, don 4,000 duine a bhíonn ag obair sa Chalafort agus an 1.4 mhilliún paisinéir farantóireachta a thaistealaíonn ar bháid farantóireachta ó Chalafort Bhaile Átha Cliath.”


RIACHTANAIS NA TODHCHAÍ, RÉITIGH NA TODHCHAÍ
Agus an tír seo ina geilleagar oscailte atá oileánbhunaithe, braitheann
Éire go mór ar chalafoirt. Sna buaic-thréimhsí le linn na seachtaine, bíonn
thart ar 11 chiliméadar de thrucailí ag teacht amach as na báid farantóireachta
agus bíonn a seachadadh déanta acu in áiteanna amhail Gleann na Life, Dún
Droma, Baile Bhlainséir agus ag an gCearnóg i dTamhlacht, sula mbíonn cuid
mhaith againn éirithe as an leaba.
Is gá dúinn a chinntiú gur féidir le hiompórtálaithe agus le heaspórtálaithe leanúint de bheith ag brath orainn chun trádáil a bhogadh trí Chalafort Bhaile Átha Cliath gan mhoill. Cé go bhfuil laghdú i gceist ar leibhéal na trádála i láthair na huaire, is gá dúinn a chinntiú go bhfuil toilleadh dóthanach againn le freastal ar a riachtanais i bhfad amach anseo.
Maidir leis seo, tá aighneacht fhoirmiúil seolta againn go dtí an Bord Pleanála faoin Acht um Bonneagar Straitéiseach, rud a ritheadh le déileáil le pleanáil na dtionscadal mór bonneagair. Mar chuid dár dtiomantas chun réitigh a chur ar fáil dár ngeilleagar, tá iarratas seolta againn chuig an mBord Pleanála chun cead pleanála a fháil do thogra Gheata Bhaile Átha Cliath. Cuirfear toilleadh breise a bhfuil géarghá leis ar fáil, ag Geata Chalafort Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis do gheilleagar na hÉireann agus dá phríomhchathair. Cuirfidh sé ar chumas Chalafort Bhaile Átha Cliath leanúint dá ról ríthábhachtach, agus é suite ag béal gheilleagar na hÉireann. Tacóidh sé leis an 4,000 fíor-phost in eastát Chalafort Bhaile Átha Cliath agus cosnóidh sé an €35 billiún de thrádáil in aghaidh na bliana a théann isteach agus amach as an gCalafort ag croí a príomh-mhargaidh. Ag an am scríofa, tá an éisteacht bhéil sceidealta do mhí Bhealtaine agus táimid ag súil le cinneadh ón mBord Pleanála le linn 2009.
FÓCAS LEANÚNACH AR ÉIFEACHTÚLACHT
Ó rinneadh comhlacht de, tá Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath dírithe
ar infheistíocht i nuachóiriú na gcóras, na bpróiseas agus na gcleachtas
oibre. Ciallaíonn an tiomantas seo gurb í 2008 an seachtú bliain i ndiaidh
a chéile ina laghdaíodh costais phárolla an Chomhlachta. Mar thoradh air
sin, tá laghdú de dhá thrian nach mór tagtha ar líon na foirne ó 1997,
ó 465 go dtí 160 fostaí i Nollaig 2008. I 2008, laghdaíodh caiteachas
párolla an Chomhlachta 4.5% eile go dtí 12.4m. Mar thoradh air seo, tá
na costais phárolla níos mó ná 35% níos ísle ná mar a bhí siad i 2001,
rud a chiallaíonn go bhfuil bail láidir ar an gComhlacht le fanacht iomaíoch
amach anseo.
Tháinig méadú beag le linn na bliana de 1.4% ar na speansais oibriúcháin, gan Nithe Eisceachtúla Oibriúcháin san áireamh, go dtí €42.5 milliún. Tháinig méadú €1.2 mhilliún ar na costais neamhphá, go dtí €30.1 milliún.
Ach nuair a fhágtar an méadú 10% ar Rátaí Cathrach atá iníoctha le Comhairle
Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an costas €1.5 mhilliún a bhí ar ár gclár
dreidireachta débhliantúil as an áireamh, tháinig laghdú 3% ar na costais
neamhphá.
Tá an Comhlacht tiomanta fáltas a chur ar fáil dá scairshealbhóir agus ba í 2008 an dara bliain inar íoc an Comhlacht díbhinn leis an Stát. Íocadh an díbhinn, arbh fhiú €5.1m é, i Meitheamh 2008, rud arbh ionann é agus méadú 22% i gcomparáid le 2007.
Is é ceann de na rudaí is suntasaí atá déanta ag an gComhlacht seo, ná dul i ngleic le heasnamh an chiste pinsean a fuaireamar nuair a cruthaíodh an Comhlacht i 1997. Tá breis is €236 milliún infheistithe againn sa chiste ó shin, agus €13.6 mhilliún íoctha isteach sa chiste i 2008. I mbliain a bhí an-deacair ó thaobh cistí pinsean go ginearálta, nuair a bhí fáltais dhiúltacha de 30% go dtí 40% i gceist, bhí laghdú i gceist i gciste Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath a bhí níos gaire do 10%. Tharla sé seo mar gheall ar chinneadh a rinne an Comhlacht agus na hIontaobhaithe roinnt blianta ó shin chun athstruchtúrú a dhéanamh ar phunann na gcistí, le bheith i gcomhréir le próifíl aibíochta agus dliteanais an chiste. Mar thoradh air seo, leanann cistí an Chomhlachta de bheith ag comhlíonadh an Chaighdeáin Mhaoinithe Íosta atá forordaithe san Acht Pinsean 1990.
PÁIRTITHE SA PHOBAL
Leagaimid béim gach bliain ar ár dtiomantas i leith ár gcláir um Fhreagracht
Chorparáideach Shóisialta. Táimid an-dáiríre faoinár bhfreagrachtaí sa
réimse seo agus caithimid acmhainní móra air.
Tá cuntas ar ár gclár agus ar ár ngnóthachtáil le linn 2008, san áireamh sa Tuarascáil Bhliantúil.
Leanfaimid orainn ag obair leis an bpobal áitiúil agus taobh amuigh de, chun réimsí a aithint inar féidir linn fíor-dhifríocht a dhéanamh.


TURASÓIREACHT
Leagann Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath béim an-mhór ar fhorbairt
agus ar chur chun cinn na turasóireachta tríd an gCalafort. I ndiaidh
na méaduithe móra le linn 2007, b’ábhar díomá é gur tháinig laghdú ar
thaisteal farantóireachta le linn 2008, rud a bhí i gcomhréir leis an
laghdú foriomlán ar thréchur an Chalafoirt. Tháinig laghdú 4.6% ar líon
na bpaisinéirí farantóireachta go dtí 1.26 mhilliún agus laghdaigh líon
na gcarranna turasóirí 2.1% go dtí 266,000 aonad.
Leanann tionscal na n-aistear mara de bheith ag fás agus bhí Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath mar óstach ag líon curiarrachta de 83 línéar aistir mhara i mbliana, arbh é an líon céanna leis an gcathair chalafoirt cháiliúil Hamburg, le breis is 75,000 paisinéir agus foireann á n-iompar orthu. Tá treisiú mór airgid idir €35 milliún agus €50 milliún cruthaithe don gheilleagar áitiúil trí chaiteachas díreach agus neamhdhíreach gach bliain, ag an obair gan staonadh atá déanta ag Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath chun Baile Átha Cliath a chur chun cinn mar cheann scríbe tosaíochta d’aistir mhara.
Bainfear cloch mhíle amach i 2009 chomh maith i bhforbairt earnáil na n-aistear mara in Éirinn ag Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath agus Princess Cruises ag deimhniú go mbeidh a chéad seal fuirigh ag “Tahitian Princess” i mBaile Átha Cliath, long ar a mbeidh breis is 700 paisinéir. Méadóidh sé seo ioncam turasóireachta tuilleadh. Cinnteoidh rath an seala fuirigh seo go dtarlóidh sealanna fuirigh eile amach anseo, rud a bheadh ina dhul chun cinn breise do Chalafort Bhaile Átha Cliath in éabhlóid na trádála seo.
IONCHAS 2009
Ba bhliain láidir eile í 2008 ag Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath
ó thaobh feidhmíocht airgeadais de. Ach beidh dúshláin shuntasacha roimh
gheilleagar na hÉireann agus roimh Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath
le linn 2009. Tá obair mhaslach romhainn chun an fás láidir a bhfuil an
oiread sin dua caite againn chun é a bhaint amach le roinnt blianta anuas,
a choinneáil ar siúl.
Labhair an t-eacnamaí David McWilliams le déanaí faoin gcaoi ar féidir le Éire Inc. teacht i dtír ar na dúshláin atá roimh an ngeilleagar. Leag sé béim ar an ról ríthábhachtach a bheidh ag cúrsaí trádála sa scéal.
“Beidh sócmhainní straitéiseacha a bhíonn á reáchtáil go maith, amhail
Calafort Bhaile Átha Cliath, mar bhonn le hathbheochan gheilleagar na
hÉireann,” a dúirt sé.
Táimid tiomanta Calafort Bhaile Átha Cliath a chothabháil mar rogha calafort le haghaidh iompórtálaithe agus easpórtálaithe na hÉireann agus chun gur féidir linn teacht tríd an tréimhse dhúshlánach atá romhainn go dtí an taobh eile, nuair a thosóidh an fás arís. Bainfimid é seo amach trína chinntiú go bhfanann Calafort Bhaile Átha Cliath mar áit ghlan ghlas agus éifeachtúil den scoth, chun earraí a thabhairt do thomhaltóirí agus chun easpórtálaithe a éascú. Tá moltaí déanta againn chun €100m a infheistiú sa chúig bliana amach romhainn chun leas a bhaint as an teicneolaíocht is fearr atá ar fáil chun an gnó a fhorbairt. Leanfaimid orainn ag baint an leasa is fearr as acmhainneacht iomlán thionscal na n-aistear mara agus chun ‘Calafort Baile’ a dhéanamh de Chalafort Bhaile Átha Cliath do línéir aistir mhara.
Leanfaimid d’fhorbairt a dhéanamh ar an gCalafort de réir chuspóirí sóisialta,
cultúrtha agus eacnamaíocha na Cathrach, ar bhealach freagrach agus inbhuanaithe.
Braitheann rath leanúnach Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath agus Chalafort Bhaile Átha Cliath, ar an gcomhchion a dhéanann ár gcustaiméirí, ár bhfoireann agus ár mBord Stiúrthóirí.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcustaiméirí as a n-infheistíocht leanúnach i gCalafort Bhaile Átha Cliath. D’éirigh Joe Burke as a phost mar Chathaoirleach an Chomhlachta go gairid tar éis dheireadh na bliana. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Joe as a chion don Chomhlacht mar Chathaoirleach le seacht mbliana anuas agus guím rath ar a phleananna amach anseo. Ó ceapadh é i 2002, tháinig fás leanúnach rathúil agus brabúsach ar an gComhlacht agus tá caoi mhaith air le leanúint lena ról agus lena fhreagracht mar shócmhainn ríthábhachtach náisiúnta de chuid gheilleagar na hÉireann.
Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil lenár bhfoireann go léir as a dtiomantas agus a gcion don Chomhlacht. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bord na Stiúrthóirí chomh maith, as a gcomhairle agus a dtacaíocht shuntasach. Cinntíonn an cion a dhéanann siad do rialú an Chomhlachta go bhfanaimid mar acmhainn náisiúnta, a bhfuil ról mór dearfach aici go leanúnach i saol na Cathrach agus i ngeilleagar an Stáit. Anuas air sin, cinntíonn sé go bhfuilimid anseo, go bhfuilimid i ngar don phobal agus gur féidir le hiompórtálaithe agus easpórtálaithe brath orainn.

Enda Connellan
Príomh-Fheidhmeannach
26 Márta 2009
